Comhdháil maidir le Seirbhísí Poiblí Níos Fearr: Beartas agus Seirbhísí arna Múnlú le Fianaise

9 September 2024

An English version of this item is available here.

(Paschal Donohoe TD, An tAire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe in Éirinn)

Agus muid ag bailiú léargas ón gComhdháil Seirbhísí Poiblí Níos Fearr: Beartas agus Seirbhísí arna Múnlú le Fianaise a tionóladh le déanaí, is léir a thábhachtaí ná riamh atá na Sonraí Oscailte. Cuireadh i dtábhacht sa chomhdháil sin an tábhacht a bhaineann le sonraí a úsáid chun an beartas a stiúradh agus le feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí, agus béim á leagan ar an ngá le trédhearcacht, cuntasacht agus nuálaíocht. Trí Shonraí Oscailte a threisiú agus an tionchar atá leo a léiriú, is féidir linn sochaí níos eolaí agus níos rannpháirtí a chruthú, rud a réiteoidh an bealach do shaol níos fearr amach anseo.

Ag labhairt dó ag an gComhdháil maidir le Seirbhísí Poiblí Níos Fearr, dúirt an tAire Donohoe an méid seo a leanas:

‘Is é ceann de na píosaí saothair atá ar siúl ar an leibhéal lárnach sa Roinn Caiteachais Phoiblí an saothar iontach ar fad atá ar bun maidir le Sonraí Oscailte, agus maidir leis an gcaoi ar féidir linn úsáid sonraí atá ar fáil go poiblí nó atá ar fáil don stát a shaothrú le faire ar an gcaoi inar féidir linn seirbhísí poiblí níos fearr a sholáthar.’

Is athdhearbhú atá sa mhéid sin ar ráiteas eile a rinne an tAire Donohoe ag seoladh na Straitéise Sonraí Oscailte i mí na Samhna 2023:

‘Tá Sonraí Oscailte ag croílár na hiarrachta seirbhísí poiblí níos fearr a sholáthar ar fud na hÉireann. Cuirtear bonn fianaise mór ar fáil leo le cinntí a mhúnlú, rud a áiritheoidh go gcruthaímid seirbhísí éifeachtacha agus ionchuimsitheacha. Tá an trédhearcacht de dhlúth agus d’inneach na sonraí oscailte freisin - is príomhghné í chun comhlachtaí poiblí cuntasacha a chruthú. Le seirbhísí poiblí níos éifeachtúla atá cóir agus trédhearcach, is amhlaidh a thógtar iontaoibh sa rialtas, rud atá fíor-bhunúsach chun daonlathas feidhmiúil sláintiúil a bhaint amach. Is comhpháirt ríthábhachtach de sin iad na Sonraí Oscailte.’

Tá sé d’aidhm ag na Sonraí Oscailte go bhfoilsítear tuilleadh tacar sonraí ardcháilíochta agus go gcuirtear ar fáil iad ar bhealach atá inrochtana do chách. Tá na Sonraí Oscailte ar cheann de na bunchlocha faoin athchóiriú freisin, mar a thugtar le fios in Seirbhísí Poiblí Níos Fearr - Straitéis um Chlaochlú na Seirbhíse Poiblí 2030.

Trí thionchar na Sonraí Oscailte a thaispeáint, is féidir linn an iontaoibh inár n‑institiúidí a fheabhsú, agus saoránaigh a chumhachtú le rochtain ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí. Ag labhairt di ag an gComhdháil Seirbhísí Poiblí Níos Fearr, dúirt Elsa Pilichowski, Stiúrthóir an Rialachais Phoiblí san ECFE an méid seo a leanas:

‘Beidh tionchar an-mhór ar leibhéil iontaoibhe ag an tábhacht a áirithiú go n-éistear leis na saoránaigh.’

Bíonn rangú ard ag Éirinn ar bhonn seasmhach in OECD OURdata Index agus í fós sa chéad Sraith tíortha sna torthaí ó 2023.

Is léiriú é an tionscadal ‘Digitising Galway’s Graveyard Heritage le Comhairle Chontae na Gaillimhe, ar buaiteoir den Chiste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte é, ar thionchar claochlaitheach is féidir a bheith le Sonraí Oscailte ar úsáideoir agus le taighde a dhéanamh ar thaifid teaghlaigh stairiúla. Trí shaoránaigh a ghairm chun oidhreacht reiligí na Gaillimhe a chaomhnú, ba spreagadh é an tionscnamh seo ar iontaoibh níos mó inár n‑institiúidí. Leis an tionscadal, cuirtear rochtain dhigiteach saor in aisce ar fáil ar shonraí reiligí, agus úsáideoirí á gcumasú chun teacht gan stró ar fhaisnéis faoi reiligí agus leachta cuimhneacháin atá i seilbh Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Leis an rochtain ar shonraí taighde, cruthaítear tionchar láidir dár sochaí freisin, feabhsaítear an rochtain agus an trédhearcacht léi. Is í Éire tír forbartha an Mhonatóra Náisiúnta ar Rochtain Oscailte, ar tionscadal comhoibríoch é ag an bhFóram Náisiúnta um Thaighde Oscailte (NORF), Ríomhleabharlann Taighde na hÉireann (IReL), agus OpenAIRE. Tugann an Monatóir léargas luachmhar maidir le tírdhreach eolaíochta oscailte na hÉireann agus tacaíonn sé leis an athrú i dtreo éiceachóras taighde a bhfuil rochtain oscailte go hiomlán air.

Is spreagthóir cumhachtach don athrú dearfach iad Sonraí Oscailte. Feabhsaítear trédhearcacht agus cuntasacht leo, is spreagadh don fhás eacnamaíoch iad, agus cothaítear an nuálaíocht leo. Trí shonraí a dhéanamh inrochtana, feabhsaíonn siad seirbhísí poiblí, tacaíonn siad leis an taighde, agus tugann siad aghaidh ar shaincheisteanna sóisialta ar bhealach níos éifeachtaí. Téann tairbhí na Sonraí Oscailte thar an éifeachtúlacht rialtais, agus iad ag rannchuidiú le sochaí atá níos eolaí, níos rannpháirtí, agus níos cumasaithe. De réir mar a leanfaimid ar aghaidh ag glacadh le Sonraí Oscailte, beidh deiseanna nua á ndíghlasáil againn don dul chun cinn agus don chomhoibriú, agus an bealach á réiteach i dtreo saol níos fearr amach anseo.