Bailítear faisnéis chuimsitheach maidir le heintitis shainchuspóireacha atá lonnaithe in Éirinn agus a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíocht urrúsaithe. Tugtar eolas mion sna sonraí faoi stoc agus idirbhearta ar bhonn ráithe, lena n-áirítear faisnéis maidir le scála, comhdhéanamh, nochtadh geografach agus nochtadh earnála shócmhainní agus dhliteanais na meán. Déantar na sonraí seo a sheoladh chuig an bPríomh-Oifig Staidrimh agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach lena gcur isteach i gcomhardú na n-íocaíochtaí agus i staidreamh cuntas náisiúnta d’Éirinn agus don limstéar euro. Cuireann na sonraí tomhas scáthbhaincéireachta ar fáil bunaithe ar shainmhínithe an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais.