CEANGLAS ÚR DLÍTHIÚIL MAIDIR LE SONRAÍ OSCAILTE IN ÉIRINN

29 March 2023

An English version of this item is available here.

 

Seo thíos mír as an mblag is úire de chuid UrbanTide (Ón mBéarla) atá dírithe ar an gceanglas úr dlíthiúil maidir le sonraí oscailte in Éirinn agus san AE

“Ó bhí 2017 ann, tá UrbanTide ag soláthar oiliúint ar shonraí oscailte d’fhorais phoiblí ar fud na hÉireann. I mí na Bealtaine, 2019, rinneadh Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Sonraí Oscailte agus Faisnéis ón Earnáil Phoiblí a Athúsáid (Treoir PSI) a nuashonrú, agus bhí sí infheidhmithe ó mhí Iúil, 2021. Is éard is aidhm don treoir nuashonraithe ná trédhearcacht a chur chun cinn, nuálaíocht agus fás eacnamaíoch a spreagadh agus níos mó faisnéise de chuid na hearnála poiblí a chur ar fáil lena hathúsáid.

Faoin Treoir úr maidir le Sonraí Oscailte, tá ceanglas dlíthiúil ar fhorais phoiblí faisnéis áirithe a chur ar fáil lena hathúsáid, lena n-áirítear cáipéisí, sonraí agus bunachair sonraí, i bhformáidí meaisín-inléite. Ní mór, freisin, táillí rochtana a bheith réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach. Spreagann an treoir forbairt na gcaighdeán coiteann agus na ndea-chleachtas le haghaidh sonraí oscailte mar aon le ceadúnais sonraí oscailte a úsáid chun an athúsáid a éascú.

Dá thoradh sin, tá oiliúint UrbanTide ar shonraí oscailte tar éis éirí níos ríthábhachtaí arís. Ní mór d’fhorais na hearnála poiblí a bheith eolach ar a gcuid oibleagáidí dlíthiúla agus a fhoghlaim conas iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach chun an trédhearcacht a fheabhsú agus an nuálaíocht a chur chun cinn agus, san am céanna, iad ag cloí leis an Treoir úr maidir le Sonraí Oscailte.

Cad é an Treoir maidir le Sonraí Oscailte?

Is éard atá sa Treoir maidir le Sonraí Oscailte (TSO) an creat dlíthiúil le haghaidh athúsáid sonraí a ghineann forais na hearnála poiblí. Thugtaí an Treoir maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí (Treoir PSI) uirthi roimhe seo agus leagann sí síos rialacháin a théann i bhfeidhm ar an tslí a gcaithfidh eagraíochtaí poiblí san Aontas Eorpach a gcuid sonraí a bhainistiú agus a chomhroinnt. Is é is aidhm do TSO ná trédhearcacht agus iomaíocht chothrom a chinntiú maidir le húsáid sonraí poiblí trína éileamh na sonraí ar fad a bheith ar fáil don phobal, a bheith in-athúsáidte agus a bheith cothrom le dáta. Cuireann sé ceanglas ar eagraíochtaí freisin comhéadain feidhmchláir a thabhairt isteach nuair is féidir chun rochtain ar a gcuid sonraí oscailte a éascú.

Rinneadh na rialacháin a athainmniú agus a leathnú in 2019 chun cos a choinneáil leis an dul chun cinn teicneolaíochta ó thaobh na dteicneolaíochtaí sonraí de, amhail Idirlíon na nEarraí agus an Intleacht Shaorga. Is é is aidhm don nuashonrú seo ná a chinntiú go mbaineann tíortha lántairbhe as na buntáistí a thagann le comhroinnt sonraí na hearnála poiblí agus go mbíonn eagraíochtaí ag éabhlóidiú chun freastal ar riachtanais athraitheacha teicneolaíochta. Mar achoimre, tá ról ríthábhachtach ag TSO i dtaca le cur chun cinn na trédhearcachta, na nuálaíochta agus an fháis agus, san am céanna, a chinntiú go ndéantar sonraí na hearnála poiblí a bhainistiú agus a chomhroinnt de réir mar is cuí.

 

Cé a chaithfidh cloí leis an Treoir?

Ó bhí 2021 ann, tá ceanglas dlíthiúil ar gach foras poiblí a bhíonn ag plé le sonraí a gcuid sonraí a dhéanamh oscailte faoi TSO. Is amhlaidh, áfach, go bhfuil béim láidir ar na heagraíochtaí sin a bhíonn ag plé le Tacair Sonraí Ardluacha. Is éard atá i dTacair Sonraí Ardluacha ná na tacair sonraí sin a bhfuil buntáistí sóisialta agus eacnamaíocha ag baint leo. Táthar tar éis liosta soiléir a dhéanamh anois de na nithe a thagann faoi chatagóir na dTacar Sonraí Ardluacha agus cuimsíonn sé na cineálacha sonraí seo a leanas:

  • Sonraí geospásúla
  • Sonraí breathnóireachta agus comhshaoil domhanda
  • Sonraí meitéareolaíochta
  • Staitisticí
  • Sonraí maidir le comhlachtaí agus úinéireacht comhlachtaí
  • Sonraí soghluaisteachta.

Nasc chuig liosta mionsonraithe de Thacair Sonraí Ardluacha (TSA) faoi leith agus na socruithe a bhaineann lena bhfoilsiú agus a n-athúsáid.

 

Is féidir linne cabhrú maidir le hoiliúint agus treoir a chur ar fáil do bhur n-eagraíocht

Tá UrbanTide ag cabhrú chun rialachas poiblí oscailte trédhearcach cuntasach a fhorbairt in Éirinn. Trína chur ar chumas foras poiblí a gcuid sonraí a oscailt, trédhearcacht a chur chun cinn, muinín a chothú agus saoránaigh a chumhachtú. Ná caill amach ar bhuntáistí na sonraí oscailte – Más eagraíocht de chuid na hearnála poiblí in Éirinn sibh, agus sibh ag plé le sonraí de shaghas ar bith, tá UrbanTide anseo chun cabhrú libhse.

Déanaimid réimse de chláir oiliúna ar shonraí oscailte a thairiscint agus iad ceaptha chun cabhrú le bhur n-eagraíocht plean gnímh a chruthú agus comhlíontacht leis an Treoir maidir le Sonraí Oscailte a bhaint amach, agus tacú le bhur n-aistear sonraí oscailte.”

 

Is féidir an t-alt iomlán a léamh anseo (I mBéarla): Is ceanglas dlíthiúil in Éirinn agus san AE anois iad sonraí oscailte – UrbanTide