Ceardlann Data.Europa.EU do Sholáthraithe Sonraí

4 December 2023

An English version of this item is available here.

D’fhreastail Foireann Sonraí Oscailte na hÉireann ar cheardlann spraíúil, fhaisnéiseach do Sholáthraithe Sonraí ar an 13 agus ar an 14 Samhain 2023, ceardlann a bhí ar siúl ag Eigtveds Pakus i gCóbanhávan, sa Danmhairg. Ba í an ghníomhaireacht Dhanmhargach do Rialtas Digiteach agus Data.Europa.EU. a reáchtáil an t-imeacht i bpearsa a mhair dhá lá. Chruinnigh ceathracha ionadaí ó 27 tír Eorpach ag an imeacht chun plé a dhéanamh ar na deiseanna agus dúshláin a thagann chun cinn as Sonraí Oscailte do na tíortha san AE.

 

Cuireadh tús leis an gceardlann le píosa cainte tosaigh ó Gníomhaireacht Dhanmhargach do Rialtas Digiteach, a chaith solas ar an Tírdhreach Sonraí Oscailte reatha don Danmhairg. Thug an Ghníomhaireacht cur i láthair ar a dTairseach Sonraí Oscailte Náisiúnta agus ar a gcur chuige maidir le rialachas.

Comhroinneadh dúshláin reatha le Measúnú Aibíochta Sonraí Oscailte na hEorpa ina bhfuair na toscairí tuairisc ó roinnt Ballstát éagsúil agus ó Thíortha is Iarrthóirí. Rinneadh plé ar réitigh fhéideartha freisin ar na bealaí ina bhféadfaí feabhas a chur ar mhodheolaíocht a bhaineann leis an suirbhé agus leis an ról atá ag an bhfoireann Data.Europa.EU sa phróiseas. Rinneadh plé ar cainéil chomhoibrithe fhéideartha le hAcadamh Data.Europa freisin.

Bhí sé de dheis ansin ag gach tír rannpháirteach dúshláin agus deiseanna a chur i láthair laistigh dá dtír féin maidir le rialachas sonraí, foilsitheoireacht, agus caighdeán sonraí. Rinneadh plé ar mheiteashonraí caighdeánaithe freisin.

Cuireadh anailís dhlíthiúil i láthair na dtíortha rannpháirteacha maidir le comhoiriúnacht ceadúnaithe Sonraí agus croíphrionsabail na cothroime maidir le hathúsáid sonraí. Tugadh le fios gur dea chleachtas é ceadúnas idirnáisiúnta le haghaidh comhroinnt Sonraí. Rinneadh plé ar an Acht um Rialachas Sonraí agus ar thacair sonraí ardluacha i seisiún ina dhiaidh sin ó ionadaí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a labhair tuilleadh faoi Straitéis Sonraí na hEorpa. Rinneadh plé ar Chlár Eorpach le haghaidh Sonraí Cosanta freisin.

D’fhág gach ionadaí an Danmhairg agus níos mó ar eolas acu faoi gach ní a bhaineann le Sonraí Oscailte, tar éis dóibh ceangail níos láidre a dhéanamh lena gcomhghleacaithe ar fud na hEorpa. Ba dheis iontach í do na soláthraithe sonraí chun tuiscint a fháil ar na dúshláin uathúla a bhíonn roimh gach tír maidir lena n údaráis agus a gcomhghuaillíocht fheidearálach féin. Ceann de na príomhrudaí a tugadh faoi deara ná samhail de Shonraí ina raibh cur chuige úsáideoir lárnaithe. 

Eigtveds Pakus, Cóbanhávan, an Danmhairg