Forbairtí is Déanaí na nUaireanta Glasa agus Sóisialta

12 February 2025

An English version of this item is available here.

In 2022, sheol an tAonad Sonraí Oscailte creat chun seirbhísí teicniúla a sholáthar do bhainistiú sonraí ginearálta agus d'fhoilsiú Sonraí Oscailte. Faoi láthair, déanann an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) an creat teicniúil sin a bhainistiú. Mar chuid de théarmaí an chreata, déanann an tairgeoir buaiteach, Derilinx sa chás seo, roinnt uaireanta tacaíochta a sholáthar faoi fhoráil ‘glas agus sóisialta’ an chonartha. Bunaítear líon na n-uaireanta ar an méid oibre a fhaightear tríd an gcreat. Is éard atá i gceist leis sin go gcuireann siad roinnt uaireanta ar fáil saor in aisce ina dtugann siad comhairle, oiliúint, léachtaí nó meantóireacht d’eagraíochtaí a bhfuil sainchúram glas, sóisialta nó oideachais acu, mar chuid dá gconradh leis an Oifig um Sholáthar Rialtais.  Mar gheall gurb iad iniúchadh sonraí, bainistíocht agus foilsiú Sonraí Oscailte a réimsí saineolais, is éard atá i gceist leis sin ná go gcuireann siad roinnt uaireanta ar fáil saor in aisce ina dtugann siad comhairle ar shonraí, oiliúint, léachtaí nó meantóireacht d’eagraíochtaí a bhfuil sainchúram glas, sóisialta nó oideachais acu, mar chuid dá gconradh leis an Oifig um Sholáthar Rialtais. Bunaítear líon na n-uaireanta ar an méid oibre a fhaightear tríd an gcreat.

 

Is iomaí eagraíocht atá in ann leas a bhaint as na huaireanta sin. Roinnt samplaí ná ollscoileanna nó coláistí agus a gCumainn Sonraí, buaiteoirí an Chiste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte nó eagraíochtaí a bhfuil sainchúram comhshaoil, pobail nó sóisialta acu. Cruthófar plean oiriúnaithe ansin do gach eagraíocht. Le Derilinx, déanfaidh an eagraíocht measúnú ar a dtosaíochtaí maidir le sonraí. Oibreoidh an eagraíocht go dlúth ansin le Derilinx chun na tosaíochtaí sin a bhaint amach. D’fhéadfadh na huaireanta pro bono sin teacht i bhfoirm cabhrú leis an eagraíocht iniúchadh sonraí a dhéanamh, a sonraí a ghlanadh, modhanna bailithe agus bainistíochta sonraí níos fearr a bhunú, nó cabhrú leo a gcuid sonraí a fhoilsiú.

 

Seo roinnt samplaí d’eagraíochtaí a bhain leas as tacaíocht dá leithéid ó Derilinx:

Ollscoil Teicneolaíochta Na Sionainne – Tionscnamh Dobharshaothraithe Bithgheilleagair (Tionscadal IMTA Ciorclach)

Is tionscadal i lár na tíre é CIRCULAR_IMTA_DEMO a dhíríonn ar tháirgí tráchtála luachmhara a dhéanamh de dhramhaíl talmhaíochta. Úsáideann sé córas dobharshaothraithe nuálach a chomhcheanglaíonn feirmeoireacht éisc le plandaí atá ag fás amhail ros lachan agus macralgaí. Itheann na plandaí sin salachar ó na héisc, rud a chruthaíonn timthriall inbhuanaithe. Faoin gcreat teicniúil, tá Derilinx tar éis tacú leis an tionscnamh seo ar roinnt bealaí amhail Tairseach Sonraí Oscailte a fhorbairt don tionscadal agus suíomh gréasáin ábhair a chruthú dóibh.

Léigh tuilleadh anseo!

 

Ionad Insight Fhondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) – Foireann Tailte Móna

Tá sé mar chuspóir ag an Ionad Insight Léarscáileanna Tailte Móna a fhoilsiú mar Shonraí Oscailte don oiread tíortha Eorpacha agus
is féidir faoi dheireadh 2026. Tá Derilinx ag tacú leis an bhFoireann Tailte Móna in Ionad Insight, a bhuaigh Ciste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte roimhe seo, chun léarscáileanna Tailte Móna a fhoilsiú mar Shonraí Oscailte, in Éirinn ar dtús
agus ar fud na hEorpa ina dhiaidh sin. Tá Derilinx ag comhoibriú go gníomhach le foireann Insight chun príomhpháirtithe leasmhara a shainaithint, na naisc chearta a bhunú, agus doiciméadacht a fhorbairt. Ina theannta sin, tá treoir á cur ar fáil acu maidir le cén áit agus conas ba cheart na léarscáileanna seo a fhoilsiú. Chomh maith céanna, tá Derilinx i mbun taighde ar thairseacha agus eagraíochtaí Eorpacha ábhartha agus cabhróidh siad leis an bhfoireann an obair a dhéantar in Éirinn a chur chun cinn chun spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do thíortha eile a gcuid léarscáileanna Tailte Móna féin a fhoilsiú.

Léigh tuilleadh anseo!

 

Institiúid um Luach Nuálaíochta, Maigh Nuad

Bronnadh cistiú ar an tionscadal seo, ar buaiteoir an Chiste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte 2023/2024 é, don tionscadal taighde ''Cáilíocht Sonraí i bhFoinsí Sonraí Oscailte do Shoghluaisteacht Chliste'', a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige aghaidh a thabhairt ar dhúshláin cháilíochta sonraí ríthábhachtacha i bhfoinsí sonraí oscailte agus béim shonrach á leagan ar earnáil na soghluaisteachta cliste. Sáraíonn
an iarracht seo taighde acadúil—is tionscnamh rannpháirteach, comhchruthaitheach é atá dírithe ar nuálaíocht a chur chun cinn maidir le cáilíocht sonraí, sonraí oscailte agus soghluaisteacht chliste.  Go dtí seo, chuir Derilinx saineolas luachmhar ar fáil ar an gcleachtas is fearr chun cáilíocht sonraí a thomhas, lena n-áirítear modheolaíochtaí chun cruinneas, iomláine agus comhsheasmhacht a mheas.

Léigh tuilleadh anseo!

 

Smart Location Analysis

Is feidhmchlár é buaiteoir eile an Chiste um Rannpháirtíocht Sonraí Oscailte 2023/2024, Smart Location Analysis, ar féidir le gnólachtaí chomh maith le daoine aonair é a úsáid chun suíomh a mheas de réir paraiméadair shonracha amhail déimeagrafaic, faisnéis réadmhaoine, áiseanna, cineálacha gnólachtaí agus brandaí. Déanann an tionscadal meascán de shonraí oscailte agus de thacair sonraí tráchtála a ghiaráil agus d’fhéadfadh sé a bheith an-úsáideach do FBManna. Trí na tacaíochtaí Glasa agus Sóisialta, chabhraigh Derilinx leis an úinéir tionscadail David Graham próiseas a chruthú chun tacair sonraí geospásúla nár tháinig ó na sonraí daonáirimh a d’eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh a aimsiú ar data.gov.ie. Chuir Derilinx tacar mionsonraithe treoracha agus iarratas API ar fáil chun na sonraí a bhailiú, chomh maith le treoracha maidir le conas an t-iarratas a mhodhnú agus a fheidhm a uathoibriú.

Léigh tuilleadh anseo!

 

Rethink Ireland

Cuireann Rethink Ireland deontais airgid agus tacaíocht ghnó ar fáil do na nuálaíochtaí sóisialta ar féidir leo fíordhifríocht a dhéanamh. An tasc atá acu ná tacú leis na nuálaíochtaí sin leis an eolas agus leis an gcomhairle a bheidh ag teastáil uathu le go n-éireoidh leo ar scála náisiúnta a mbeidh tionchar aige. Tá siad anseo chun doirse a oscailt agus rochtain a thabhairt dóibh ar na líonraí agus naisc ar féidir leo cabhrú leo a gcuid smaointe a scaipeadh ar fud na hÉireann. Cothaíonn siad pobail eagraíochtaí atá ar aon intinn leo a thagann le chéile chun smaointe agus cuir chuige a roinnt. Chabhraigh Derilinx leo Measúnú Aibíochta Sonraí a thosú ar a n-eagraíocht. Chabhraigh siad freisin le hanailís a dhéanamh ar a gcuid sonraí agus léirshamhluithe a chruthú dá dtuarascáil bhliantúil.

Léigh tuilleadh anseo!

 

eTownz

Cuireann eTownz réimse seirbhísí ar fáil do dhaoine san earnáil forbartha pobail. Na ceithre phríomhfheidhm atá acu ná Cláir Eolais an Phobail, Cláir Oiliúna & Éascaithe, Suíomhanna Gréasáin an Phobail agus Taighde agus Sonraí. Chuir Derilinx comhairle ar fáil maidir le sonraí na hOifige um Chlárú Cuideachtaí a chur san áireamh sna pleananna pobail agus maidir le hailtireacht sonraí. Bhí siad rannpháirteach freisin trína n-iarrachtaí leanúnacha chun na coincheapa “sráidbhailte cliste” a chur chun cinn, lena n-áirítear seisiúin chomhairliúcháin agus rannpháirtíocht i seimineáir ghréasáin.

Léigh tuilleadh anseo!

 

Má tá cur amach agat ar aon eagraíochtaí nó grúpaí a chreideann tú a d’fhéadfadh leas a bhaint as na huaireanta sin, déan teagmháil le opendata@per.gov.ie.