Skip to content

Mar gheall ar DATA.GOV.IE

CÉARD ATÁ ANN?

Is é coincheap Sonraí Oscailte na sonraí atá i seilbh comhlachtaí poiblí a chur ar fáil agus a dhéanamh inrochtana go héasca le hathúsáid agus le hathdháileadh.

Tugann Sonraí Oscailte rochtain do gach duine ar shonraí neamhphearsanta rialtais, rud atá in ann buntáistí eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil agus daonlathacha a chur ar fáil do chách. Tá an Tionscnamh Sonraí Oscailte ceaptha leas a dhéanamh don tsochaí trí mhéid na sonraí rialtais atá ar fáil don phobal a mhéadú, ag cur chun cinn nuálaíocht fheabhsaithe agus iomaíocht chothrom.

Braitheann cuid mhaith de na haipeanna a úsáidimid ar ár bhfóin ar bhonn laethúil ar Shonraí Oscailte. Cé a fhágann an teach gan an aimsir a sheiceáil, am an chéad bhus eile nó cé a théann chun na trá gach breathnú ar an gcáilíocht uisce, amanna na dtaoidí nó áiseanna páirceála?

Is é Data.gov.ie an tairseach lárnach a chuireann ar fáil rochtain ar shonraí oscailte uile an rialtais. Cuireann sé ar fáil rochtain ar thacair sonraí atá saor in aisce le húsáid, le hathúsáid, agus le hathdháileadh. Is é an tAonad Athchóirithe Rialtais sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe a fheidhmíonn an tairseach.

 

CONAS A THOSAIGH SÉ?

Thosaigh Tionscnamh Sonraí Oscailte na hÉireann in 2014 nuair a chuamar isteach sa Chomhpháirtíocht idirnáisiúnta um Rialtas Oscailte. D’éirigh go han-mhaith leis an Tionscnamh Sonraí Oscailte in Éirinn agus táimid faoi láthair sa dara háit i measúnú an AE ar Aibíocht Sonraí Oscailte

Bunaíodh an Bord um Rialachas Sonraí Oscailte in 2016 chun bheith ag obair ar mhaithe le leas an phobail. Stiúrann sé an Tionscnamh Sonraí Oscailte déanann sé maoirseacht ar chur i bhfeidhm Straitéis Sonraí Oscailte an Rialtais. Tá 10 go 12 ionadaí ar an mBord ón saol acadúil, an tseirbhís phoiblí, gnó, na meáin agus an tsochaí shibhialta.

ATHÚSÁID/TIONCHAR

Ba bhreá linn a chloisteáil conas atá tusa ag úsáid Sonraí Oscailte agus má tá 10 nóiméad agat comhlánaigh le do thoil suirbhé gairid ar mheasúnú tionchair dúinn.

Inis dúinn conas atá tú ag úsáid Sonraí Oscailte trí thaispeántas a chur isteach is féidir a chur ar an Tairseach.

Foinsí do Shonraí Oscailte

Is iad Ranna Rialtais agus Comhlachtaí Poiblí a fhoilsíonn na Sonraí Oscailte a liostaítear in data.gov.ie. Déantar mórán tacar sonraí a fhoilsiú ina n-aonar agus nuashonraíonn eagraíochtaí poiblí iad. Baintear tacair sonraí eile ó chatalóga sonraí reatha atá sonrach do réimse faoi leith.

MOL TACAR SONRAÍ

Más mian leat tacar sonraí nua a mholadh le foilsiú, nó má tá aon rud le rá agat faoi thacair sonraí reatha, téigh, le do thoil, chuig an leathanach Mol Tacar Sonraí >

CEISTEANNA NÓ NÓTAÍ TRÁCHTA

Má tá ceisteanna nó aiseolas agat faoi data.gov.ie nó Sonraí Oscailte, déan teagmháil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag opendata@per.gov.ie >