Skip to content

Acmhainní Forbróirí

An English version of this item is available here.

 

SONRAÍ 3-RÉALTA AR DATA.GOV.IE

Tá sé d’aidhm leis an gCáipéis Bhunaidh chun Straitéis Sonraí Oscailte na Seirbhíse Poiblí a fhorbairt ná timpeallacht a chruthú, trí shonraí Rialtais a oscailt, ina ndéanfadh forais phoiblí, gnólachtaí, taighdeoirí agus saoránaigh níos mó deiseanna le haghaidh taighde, nuálaíochta, trédhearcachta, rannpháirteachais agus níos mó éifeachtúlachta a sheachadadh agus a réadú. Tá sé ríthábhachtach, dá réir sin, go ndéanfaí tacair sonraí ardchaighdeáin a oscailt ar data.gov.ie ar bhealach oscailte in-athúsáidte.

Le Creat Teicniúil na Sonraí Oscailte, soláthraítear treoir ar na gnéithe praiticiúla a bhaineann le Sonraí Oscailte a fhoilsiú, rud a chinntíonn go ndéantar tacair sonraí a fhoilsiú ar data.gov.ie ar bhealach comhsheasmhach dianseasmhach fíor-oscailte. Áirítear anseo, a chinntiú:

  • Gur gá sonraí agus meiteashonraí a fhoilsítear ar data.gov.ie a bheith bainteach le Ceadúnas Sannta Creative Commons (CC-BY), ar a laghad.
  • Gur gá sonraí a fhoilsítear ar data.gov.ie a bheith inléite ag meaisín agus i bhformáid oscailte (Sonraí Oscailte 3 réalta), e.g. CSV, JSON nó XML.
  • Gur gá sonraí a fhoilsítear ar data.gov.ie a bheith comhlíontach le DCAT-AP, an caighdeán idirnáisiúnta meiteashonraí Sonraí Oscailte.
  • Gur cheart sonraí ar data.gov.ie caighdeáin sonraí náisiúnta agus idirnáisiúnta a úsáid nuair is féidir,
  • Gur cheart sonraí ar data.gov.ie Aitheantóirí Acmhainne Uathúla a úsáid nuair is féidir.

COMHÉADAN FEIDHMCHLÁIR (API) DATA.GOV.IE

Úsáideadh CKAN 2.9 le data.gov.ie a thógáil, rud a fhágann go bhfuil Comhéadan Feidhmchláir cumhachtach ann a ligeann d’fhorbróirí tacair sonraí, grúpaí nó oibiachtaí CKAN eile a aisghabháil agus a ligeann dóibh tacair sonraí a chuardach. Tá doiciméadacht iomlán do API CKAN ar fáil ar líne.

GLAONNA SAMPLACHA API

Faigh liostaí JSON-formáidithe de na tacair sonraí nó oibiachtaí CKAN eile a bheadh ag suíomh:

data.gov.ie/api/3/action/package_list

data.gov.ie/api/3/action/tag_list

Faigh léiriú iomlán JSON de thacar sonraí, d’acmhainn nó d’oibiacht eile:

data.gov.ie/api/3/action/package_show?id=the-walled-towns-of-ireland

data.gov.ie/api/3/action/tag_show?id=marine

Cuardaigh pacáistí nó acmhainní a mheaitseálfadh iarratas:

data.gov.ie/api/3/action/package_search?q=museum

data.gov.ie/api/3/action/resource_search?query=name:The%20Walled%20Towns%20of%20Ireland

MOLTAÍ MAIDIR LE TACAIR SONRAÍ

Ceapadh data.gov.ie le rochtain éasca a chur ar fáil ar thacair sonraí atá saor in aisce lena n-úsáid, a athúsáid, agus a athdháileadh. Más mian leat tacar sonraí nua a d’fhéadfaí a fhoilsiú a mholadh, nó má tá aon mholtaí agat i dtaca le bealaí le rochtain ar thacair sonraí atá ann cheana a fheabhsú d’fhorbróirí, téigh, le do thoil, chuig an leathanach ‘Mol Tacar Sonraí’.

TÁ FÁIL ANOIS AR CHÓD FOINSEACH DATA.GOV.IE!

Is féidir an cód foinseach don bhreiseán CKAN data.gov.ie a aimsiú anseo.

Is breiseán é seo ar CKAN agus Drupal lena soláthraítear oiriúnuithe a bhaineann go sainiúil le tionscadal data.gov.ie, bunaithe ar obair de chuid an tionscadail data.gov.uk.

Ar na breiseáin CKAN bhainteacha eile atá in úsáid ar data.gov.ie, tá:

  • ckanext-archiver
  • ckanext-harvest
  • ckanext-spatial
  • ckanext-os
  • ckanext-qa

Faigh an cód foinseach ar Github [Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil]