Skip to content

Tá Ciste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte 2023/2024 Oscailte Anois

An English version of this item is available here.

Rinneadh an Ciste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte a fhorbairt i gcomhar leis an Bord um Rialachas Sonraí Oscailte (ODGB).  Is ciste iomaíoch é seo atá deartha chun tacaíocht a sholáthar i dtreo úsáid sonraí oscailte a chur chun cinn ar an Tairseach náisiúnta Sonraí Oscailte data.gov.ie

Is é an dáta dúnta le haghaidh iarratas Dé Céadaoin an 22 Samhain 2023 ag 12pm meán lae. Is é méid iomlán an mhaoinithe atá ar fáil €30,000 agus is é an méid uasta d’aon tionscadal amháin €5,000.   Is féidir le haon eagraíocht nó duine aonair iarratais a dhéanamh. Áirítear leis seo aon duine, comhlacht poiblí, gnólacht, eagraíocht taighde, eagraíocht oideachais, grúpa sochaí sibhialta. 

Is féidir iarratais a dhéanamh ar mhaoiniú chun tacú le gníomhaíochtaí éagsúla a bhaineann le Sonraí Oscailte.  Áirítear orthu sin;

  • gníomhaíochtaí for-rochtana agus rannpháirtíochta a eagrú, mar shampla, seimineáir, comórtais agus haiceatóin;
  • feidhmchláir a thógáil agus léirshamhluithe a fhorbairt chun an úsáid is féidir a bhaint as sonraí oscailte a léiriú;
  • nó taighde sonrach ar thacair sonraí oscailte rialtais d’fhonn teacht ar thorthaí a chabhraíonn éifeachtúlachtaí a chruthú sa tseirbhís phoiblí nó cabhrú sa chinnteoireacht rialtais.  

Is sprioc straitéiseach de shonraí oscailte rialtais é tionchar na sonraí oscailte a shainaithint agus a bheith ábalta éascaíocht a dhéanamh le go mbainfear úsáid bhreise astu, mar sin déanfar machnamh faoi leith ar thionscadail a thaispeánann tionchar nó tionchar féideartha úsáid na sonraí oscailte.

Ba cheart iarratais a bheith i gceann amháin de na catagóirí seo a leanas:

A. Imeachtaí for-rochtana, abhcóideachta agus rannpháirtíochta le agus ag comhlachtaí poiblí chun eisiúint agus/nó úsáid Sonraí Oscailte a chur chun cinn, e.g. seimineáir, ceardlanna, grúpaí plé, comhdhálacha, etc.;

B. Úsáid nuálach sonraí a fhoilsítear trí data.gov.ie, cibé acu a úsáidtear astú féin iad nó in éineacht le foinsí eile sonraí.  D’fhéadfaí go n-áireofaí leis an gcatagóir seo aipeanna a thógáil, comórtais nó haiceatóin a reáchtáil, nó/agus léirshamhluithe idirghníomhacha a fhorbairt chun úsáid sonraí ó data.gov.ie a léiriú;

C. Tionscadal Catagóire Speisialta: Tacaíocht do thionscadal nó píosa taighde a úsáideann tacair sonraí faoi leith d’fhonn teacht ar thorthaí a d’fhéadfadh:

  1. tacú le cruthú éifeachtúlachtaí laistigh de Chomhlachtaí Poiblí; nó
  2. cabhrú i gcinnteoireacht rialtais; nó
  3. treochtaí a léiriú i dtopaicí sóisialta chun cabhrú tabhairt faoi shaincheisteanna reatha chun leas an phobail nó léargais spéisiúla agus follasacha ar shaincheisteanna polasaí phoiblí (amhail tithíocht, comhshaol, iompar, etc.).

D. Tionscadal nó staidéar a dhéanamh chun breathnú ar na buntáistí a bhí ag Tionscnamh Sonraí Oscailte na hÉireann go dtí seo.  Is féidir go n-áireofaí leis seo tionscadail/staidéir chun buntáistí eacnamaíocha na sonraí oscailte a mheas ag micrileibhéil agus macraileibhéil eacnamaíocha, nó cleachtadh nó staidéar ag breathnú ar shonraí rialtais faoi leith nár eisíodh mar shonraí oscailte agus measúnú a dhéanamh ar bhuntáistí féideartha agus ar chostais fhéideartha a bhaineann lena n-eisiúint.

E. Tionscadal nó staidéar a dhéanamh chun breathnú ar an tionchar a bhí ag Tionscnamh Sonraí Oscailte na hÉireann go dtí seo.  Is féidir go n-áireofaí leis seo, mar shampla, tionscadail/staidéir chun tionchar comhshaoil, sóisialta, polaitiúil nó eacnamaíoch na sonraí oscailte in Éirinn a mheas.

Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil anseo agus níos mó eolais a íoslódáil anseo.

Seol foirmeacha iarratais atá comhlánaithe ina n-iomláine chuig opendata@per.gov.ie .

Is féidir liosta na n-iarratas rathúil ar Chiste Rannpháirtíochta Sonraí Oscailte 2022/2023 a fheiceáil anseo. [Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil]