Skip to content

Treoir d’Fhoilsitheoirí

An English version of this item is available here.

 

Aitheantas Doiciméid

https://data.gov.ie/ga/pages/treoir-d-fhoilsitheoiri

Arna fhoilsiú ar an

2015-07-01

Ceadúnas

Ceadúnas Sannta Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0)

 

CLÁR ÁBHAIR

  1. Intreoir
  2. Cad iad sonraí a dhéanaimid a bhainistiú?
  3. Cad iad sonraí ba cheart dúinn a fhoilsiú?
  4. An bhfuil na sonraí i gcomhréir leis an gCreat Teicniúil?
  5. Conas sonraí a fhoilsiú ar data.gov.ie?
  6. Cuir sonraí leis de láimh tríd an suíomh gréasáin data.gov.ie
  7. Cuir sonraí leis trí mheán clár ríomhaireachta ag úsáid an API
  8. Uathoibrigh foilsiú sonraí ag úsáid buainteora

 

INTREOIR

Tá an treoir seo d’fhoilsitheoirí reatha agus féideartha Sonraí Oscailte, go háirithe Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí ar mian leo Sonraí Oscailte a fhoilsiú ar an tairseach data.gov.ie. Sna hailt seo a leanas, breathnaímid ar roinnt de na céimeanna a bhaineann le Sonraí Oscailte a fhoilsiú: ag déanamh athbhreithniú ar an gcineál sonraí a bhainistíonn an eagraíocht, ag sainaithint an cineál sonraí ba cheart a fhoilsiú mar Shonraí Oscailte, ag cinntiú go bhfuil na sonraí i gcomhréir leis na moltaí sa Chreat Teicniúil, agus ag foilsiú sonraí mar Shonraí Oscailte ar data.gov.ie.

Má tá aon cheisteanna agat faoi Shonraí Oscailte a fhoilsiú, déan teagmháil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe ag  opendata@per.gov.ie .

 

CAD IAD SONRAÍ A DHÉANAIMID A BHAINISTIÚ?

Nuair atáthar ag machnamh ar Shonraí Oscailte a fhoilsiú, tá sé tábhachtach do chomhlacht poiblí tuiscint shoiléir a fhorbairt ar na sonraí go léir atá ina sheilbh.

Cuireann iniúchadh sonraí sásra ar fáil chun a fháil amach cad iad na tacair sonraí atá i seilbh eagraíochta. Mar gheall air seo feabhsaítear bainistíocht eolais, comhroinnt sonraí agus cinnteoireacht fhianaise-bhunaithe. Cabhraíonn sé chun sonraí nach bhfuil riachtanach agus atá ag úsáid acmhainní a shainaithint chomh maith, nó sonraí a d’fhéadfaí a fheabhsú.

Is é an aidhm atá le hiniúchadh sonraí na nithe seo a leanas a aithint:

  • méid agus raon na dtacar sonraí atá ann laistigh d’eagraíocht,
  • cibé acu a choinnítear nó nach gcoinnítear na tacair sonraí seo,
  • rangú tacair sonraí maidir lena dtábhacht i leith chuspóirí na heagraíochta a bhaint amach,
  • na bearnaí braite i sonraí úsáideacha a d’fhéadfadh cabhrú chun na cuspóirí seo a bhaint amach,
  • an acmhainneacht chun tacair sonraí a chomhroinnt laistigh den eagraíocht agus den earnáil phoiblí níos leithne, agus
  • an acmhainneacht chun sonraí a fhoilsiú agus a chur ar fáil lena n-athúsáid.

Is modh simplí iniúchta sonraí é:

  1. Gníomhaíochtaí agus córais faisnéise na heagraíochta a bhailíonn, a chruthaíonn nó a bhainistíonn sonraí a shainaithint.
  2. Athbhreithniú a dhéanamh ar gach ceann de na foinsí sonraí a shainaithnítear i gcéim 1 agus tacair sonraí faoi leith a shainaithint. Is é is tacar sonraí ann ná bailiúchán sonraí, arna fhoilsiú nó arna choimeád ag gníomhaire aonair.
  3. Tar éis tacair sonraí a shainaithint i gcéim 2, déan cur síos ar gach tacar sonraí ag úsáid an scéimre meiteashonraí a mholtar sa Chreat Teicniúil [Beidh leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil go luath]

 

Tá Treoir maidir le hIniúchadh Sonraí Oscailte agus Pleanáil Foilsitheoireachta ar fáil anseo. [Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil]

Is féidir rochtain a fháil ar Uirlis Iniúchta Sonraí ag an iniúchadh chun tacú le comhlachtaí poiblí ar mian leo tosú ag foilsiú Sonraí Oscailte, ach nach bhfuil cinnte cad iad na tacair sonraí atá oiriúnach le foilsiú.  Tá treoir d’úsáideoirí maidir leis an Uirlis Iniúchta Sonraí ar fáil anseo. [Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil]

 

CAD IAD SONRAÍ BA CHEART DÚINN A FHOILSIÚ?

Nuair atá léargas ginearálta ag eagraíocht ar na sonraí a bhainistíonn siad, is é an chéad ní eile le smaoineamh air ná cén cineál sonraí ba cheart dóibh a fhoilsiú mar Shonraí Oscailte? De réir an Doiciméid Boinn maidir le forbairt Straitéis Sonraí Oscailte na Seirbhíse Poiblí, ba cheart sonraí cuí uile a fhoilsiú mar Shonraí Oscailte.

Meastar gurb iad Sonraí Oscailte an rogha réamhshocraithe do thacair sonraí nua oiriúnacha. Nuair nach n-eisítear tacair sonraí a lorgaíodh mar Shonraí Oscailte, cuirfidh an comhlacht poiblí freagrach cúiseanna ar fáil ina leith.

Mar sin, ceist níos fearr a bheadh ann ná cad iad na sonraí ba cheart a fhoilsiú ar dtús, d’fhonn sonraí uile a fhoilsiú go leanúnach. Is sonraí ardluacha iad na Sonraí Oscailte is úsáidí. Is féidir sonraí ardluacha a shainmhíniú mar shonraí a mhéadaíonn cuntasacht, a fheabhsaíonn eolas poiblí, a thugann chun cinn misean an chomhlachta phoiblí, nó a chruthaíonn deiseanna eacnamaíocha.

Is iomaí bealach ar féidir le heagraíocht tacair sonraí ardluacha a shainaithint le cur in ord tosaíochta le haghaidh fhoilsiú Shonraí Oscailte. Áirítear leo siúd na nithe seo a leanas a mheas:

  • tacair sonraí a bhfuil ardluach ag baint leo go hinmheánach, i.e. úsáidtear go minic iad, nó úsáideann iliomad aonaid ghnó iad,
  • iarratais dhíreacha ar thacair sonraí a fuarthas ón bpobal, e.g. trí cheisteanna parlaiminteacha nó iarratais saorála faisnéise,
  • tacair sonraí atá san áireamh i dtuarascálacha, suirbhéanna nó doiciméid phoiblí eile atá foilsithe ag an eagraíocht, nó ar foinsí dóibh iad, agus
  • tacair sonraí ar foinsí iad do Phríomhtháscairí Feidhmíochta a úsáidtear laistigh den eagraíocht.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mbeidh roinnt sonraí oiriúnach riamh le foilsiú mar Shonraí Oscailte, mar shampla, foilsiú sonraí a mbeadh sárú ar an mbuncheart príobháideachta faoi reachtaíocht um chosaint sonraí de thoradh air, nó sonraí a fhéadfar a bheith rúnaicmithe ar chúiseanna slándála. Is féidir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh tacaíocht a chur ar fáil chomh maith maidir le hanaithnidiú staitistiúil sonraí chun críocha foilsitheoireachta.  Tá tuilleadh faisnéise agus treorach maidir le hanaithnidiú ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.

AN BHFUIL NA SONRAÍ I GCOMHRÉIR LEIS AN GCREAT TEICNIÚIL?

Cuireann an Creat Teicniúil um Shonraí Oscailte treoir ar fáil maidir leis na gnéithe praiticiúla a bhaineann le Sonraí Oscailte a fhoilsiú. Áirithíonn sé seo go ndéantar tacair sonraí a fhoilsiú ar data.gov.ie ar bhealach comhsheasmhach, dianseasmhach agus fíor-oscailte. Áirítear leis an gCreat Teicniúil cúig phríomh-ghné:

Ceadúnas Sonraí Oscailte

Ní mór do shonraí agus meiteashonraí a fhoilsítear ar data.gov.ie a bheith bainteach le Ceadúnas Sannta Creative Commons (CC-BY), ar a laghad.

Formáidí Molta do Shonraí Oscailte [Beidh leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil go luath]

Ní mór do shonraí a fhoilsítear ar data.gov.ie a bheith inléite ag meaisín agus i bhformáid oscailte (Sonraí Oscailte 3 réalta), e.g. CSV, JSON nó XML.

Scéimre Meiteashonraí Molta do Shonraí Oscailte [Beidh leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil go luath]

Ní mór do shonraí a fhoilsítear ar data.gov.ie a bheith i gcomhréir le DCAT-AP, an caighdeán idirnáisiúnta meiteashonraí um Shonraí Oscailte.

Caighdeáin Mholta do Shonraí Oscailte [Beidh leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil go luath]

Ba cheart do shonraí a fhoilsítear ar data.gov.ie caighdeáin sonraí náisiúnta agus idirnáisiúnta a úsáid nuair is féidir,

Aitheantóirí Uathúla Acmhainne [Beidh leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil go luath]

Ba cheart do shonraí a fhoilsítear ar data.gov.ie Aitheantóirí Uathúla Acmhainne a úsáid nuair is féidir.

 

Ba cheart do thacair sonraí a úsáideann réimsí seolta cloí le Ciorclán Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais maidir le húsáid Éirchód [Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil].   Tá eolas faoin gcabhair atá ar fáil do Chomhlachtaí Poiblí maidir le hÉirchóid a úsáid ar fáil anseo

CONAS SONRAÍ A FHOILSIÚ AR DATA.GOV.IE?

Tá na sonraí anois réidh le foilsiú mar Shonraí Oscailte ar data.gov.ie. Toisc go bhfoilsítear iad ar Thairseach Sonraí Oscailte is féidir sonraí a athúsáid ar bhealaí nuálacha. Ní óstálann data.gov.ie na tacair sonraí féin, ach ina ionad sin is catalóg meiteashonraí, ina bhfuil pointeoirí chuig na sonraí a óstáiltear in áiteanna eile ar an nGréasán, mar shampla, ar shuíomh gréasáin eagraíocht poiblí.

Is féidir sonraí a fhoilsiú de láimh ar data.gov.ie tríd an bhfoirm ar líne ‘Cuir Tacar Sonraí leis’. De rogha air sin, is féidir sonraí a fhoilsiú trí mheán clár ríomhaireachta ar data.gov.ie tríd an API nó buainteoir sonraí a úsáid.

Tá an nóta treorach seo a leanas maidir le ‘Cuir Tacar Sonraí Nua leis’ ar fáil anseo [Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil].

CUIR SONRAÍ LEIS DE LÁIMH TRÍD AN SUÍOMH GRÉASÁIN DATA.GOV.IE

Leathanach ‘Cuir Tacar Sonraí Nua leis’ data.gov.ie

Chun tacar sonraí a chur le data.gov.ie, teastaíonn cuntas úsáideora ón eagraíocht. Is féidir cuntas a chruthú do Chomhlachtaí san Earnáil Phoiblí trí theagmháil a dhéanamh le opendata@per.gov.ie .

Tar éis logáil isteach, is féidir leis an eagraíocht rochtain a fháil ar an leathanach Tacar Sonraí Nua, mar a thaispeántar thuas. Trí dhul céim ar chéim tríd an bhfoirm ar líne, spreagtar an eagraíocht na meiteashonraí riachtanacha go léir a iontráil. Mar gheall ar an gcomhéadan so-úsáidte tá sé éasca d’úsáideoirí neamhtheicniúla tacair sonraí a fhoilsiú ceann ar cheann. Ach ní bealach éifeachtúil é an comhéadan gréasáin a úsáid chun iliomad tacair sonraí a fhoilsiú, nó chun tacair sonraí atá ann cheana a nuashonrú go tréimhsiúil. I gcásanna mar seo, ba cheart foilsiú trí mheán clár ríomhaireachta tríd an API a úsáid.

CUIR SONRAÍ LEIS TRÍ MHEÁN CLÁR RÍOMHAIREACHTA AG ÚSÁID AN API

Tógtar data.gov.ie ag úsáid CKAN, a chuireann ar fáil API cumhachtach a ligean d’fhorbróirí tacair sonraí a chur leis trí mheán clár ríomhaireachta. Tá sé níos gasta an API a úsáid chun tacair sonraí a chruthú nó a nuashonrú ná an comhéadan gréasáin nuair atáthar ag déileáil le hiliomad tacair sonraí nó tacair sonraí dhinimiciúla. Tá níos mó sonraí ar fáil anseo maidir le conas an API a úsáid chun sonraí a bhrú i dtreo na tairsí.

UATHOIBRIGH FOILSIÚ SONRAÍ AG ÚSÁID BUAINTEORA

Tá ciall le buainteoir a thógáil mar chuid de data.gov.ie a ghabhann sonraí go huathoibríoch má fhoinsítear mórán sonraí ó áit amháin, mar shampla, catalóg sonraí eile, nó más gá sonraí a nuashonrú go minic, mar shampla, go laethúil. Tarraingíonn buainteoir na sonraí ó fhoinse réamhshainithe go tréimhsiúil, ag cur leis agus á nuashonrú go huathoibríoch in data.gov.ie. Féadfaidh sé leas a bhaint as API na tairsí nó a bheith tógtha mar bhreiseán saincheaptha CKAN.

Bailíonn data.gov.ie sonraí faoi láthair ó: