Skip to content

An Bord um Rialachas Sonraí Oscailte

An English version of this item is available here.

Tá tionscnamh Sonraí Oscailte na hÉireann ag teacht le príomhthosaíochtaí Rialtais amhail Clár Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí, an Straitéis r-Rialtais, Clár Athnuachana na Státseirbhíse, an Chomhpháirtíocht um Rialtas Oscailte, an Bonneagar Sonraí Náisiúnta agus Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí.  Aithnítear sa Straitéis nua TFC Sonraí Oscailte mar thosaíocht agus tacófar le forbairt agus glacadh beartais Sonraí Oscailte bunaithe ar fhianaise do Sheirbhís Phoiblí na hÉireann. (Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil)

Bunaíodh an Bord um Rialachas Sonraí Oscailte (ODGB) in 2016 chun ceannaireacht straitéiseach agus rialachas a chur ar fáil de réir an chleachtais is fearr idirnáisiúnta i réimse na Sonraí Oscailte. Tá an tasc aige a mheas conas acmhainneacht agus cumas comhlachtaí poiblí a fheabhsú maidir le Sonraí Oscailte a chur i bhfeidhm, agus deiseanna a mheas chun luach sonraí agus faisnéis na hearnála poiblí a uasmhéadú le haghaidh buntáistí fadtéarmacha eacnamaíochta, sóisialta agus daonlathacha. Déanann an ODGB moltaí don Rialtas ina leith seo.  Ligean Téarmaí Tagartha ODGB dó a mheas conas a chinntiú go bhfreastalaíonn Tionscnamh Sonraí Oscailte ar riachtanais úsáideoirí, cabhraíonn sé le comhlachtaí poiblí a ngníomhaíochtaí a phleanáil dá réir agus spreagann sé próiseas comhoibríoch leanúnach.

Ballraíocht an ODGB

Miontuairiscí Cruinnithe den ODGB  (Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil)

Tuairiscí ar Dhul Chun Cin (Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil)