Íocaíochtaí Laethúla Cárta a dhéanann Teaghlaigh Éireannacha.
Fothacar den Staidreamh maidir le hÍocaíochtaí Míosúla Cárta. De thoradh phaindéim COVID-19, bhí gá le sonraí tráthúla, ardmhinicíochta, ar nós Staidreamh Laethúil maidir le Cártaí Creidmheasa agus Cártaí Dochair, chun tuiscint níos fearr a fháil ar thionchar na paindéime ar chaiteachas pearsanta agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch. Leis na sonraí ardmhinicíochta laethúla seo maidir le Cártaí Creidmheasa agus Cártaí Dochair, léirítear caiteachas ó thaobh creidmheas ainmnithe in euro arna n-eisiúint do dhaoine a chónaíonn in Éirinn. Cuimsíonn an tacar sonraí caiteachas iomlán cártaí creidmheasa agus cártaí dochair agus aistarraingtí UMB, agus tá an caiteachas ón 1 Deireadh Fómhair 2020, i roinnt príomhearnálacha den gheilleagar agus caiteachas scoilte ar líne agus ar an láthair ar fáil freisin.