Sonraí comhaltais do chistí pinsean atá lonnaithe in Éirinn (CCE 2010 earnáil S129).
Cuimsíonn S129 corparáidí airgeadaíochta a bhíonn ag gabháil go príomha d’idirghabháil airgeadais mar thoradh ar rioscaí sóisialta a chomhthiomsú agus ioncam a chur ar fáil le linn scoir.
IIn Éirinn is ionann ciste pinsean agus scéim pinsean ceirde uathrialaitheach arna bunú faoi iontaobhas. Ní áiríonn S129 cistí slándála sóisialta, cistí pinsean atá san áireamh in earnáil an rialtais ghinearálta (S13) nó cistí pinsean neamhuathrialaitheacha.
Ní áiríonn S129 eintitis chorpraithe árachais (S128). D’fhéadfadh corparáidí árachais árachas a sholáthar d’earnáil an chiste pinsean nó teidlíochtaí pinsin a sholáthar go díreach d’earnáil na dteaghlach (S14) (e.g. Piléar 3).
Cuirtear an tacar sonraí seo ar fáil faoi rialachán BCE/2018/2. Soláthraíonn Iarscríbhinní I agus II de BCE/2018/2 tuilleadh faisnéise maidir leis na sonraí.